Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Sathairn, 14 Meitheamh, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?

Rómhánaigh 8:34

Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann.

Apacailipsis (Taispeántadh) 2:8

Rómhánaigh 8 (An Bíobla Naofa 1981)

31 Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?
32 Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?
33 Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú?
34 Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?
35 Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin?
36 Mar atá scríofa:
“Ar do shonsa táimid dár mbású ar feadh an lae;
táimid dár meas mar chaoirigh atá réidh lena gcoscairt.”
37 Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn.

Read more...(to top)

Apacailipsis (Taispeántadh) 2 (An Bíobla Naofa 1981)

5 Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí.
6 Ach tá seo i d’fhabhar, go bhfuil an ghráin agat ar oibreacha na Niocoláiteach faoi mar atá an ghráin agamsa leis.
7 An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’
8 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann:
9 Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine – cé gur saibhir tú – agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.
10 Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d’fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.
11 An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua, ní baol dó dochar ón dara bás.’

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Who is to condemn? Christ Jesus is the one who died—more than that, who was raised—who is at the right hand of God, who indeed is interceding for us.

Romans 8:34

To the angel of the church in Smyrna write: The words of the first and the last, who died and came to life.

Revelation 2:8

Rómhánaigh 8 (English Standard Version)

31 What then shall we say to these things? If God is for us, who can be against us?
32 He who did not spare his own Son but gave him up for us all, how will he not also with him graciously give us all things?
33 Who shall bring any charge against God's elect? It is God who justifies.
34 Who is to condemn? Christ Jesus is the one who died—more than that, who was raised—who is at the right hand of God, who indeed is interceding for us.
35 Who shall separate us from the love of Christ? Shall tribulation, or distress, or persecution, or famine, or nakedness, or danger, or sword?
36 As it is written,
“For your sake we are being killed all the day long;
we are regarded as sheep to be slaughtered.”
37 No, in all these things we are more than conquerors through him who loved us.

Read more...(to top)

Apacailipsis (Taispeántadh) 2 (English Standard Version)

5 Remember therefore from where you have fallen; repent, and do the works you did at first. If not, I will come to you and remove your lampstand from its place, unless you repent.
6 Yet this you have: you hate the works of the Nicolaitans, which I also hate.
7 He who has an ear, let him hear what the Spirit says to the churches. To the one who conquers I will grant to eat of the tree of life, which is in the paradise of God.’
8 “And to the angel of the church in Smyrna write: ‘The words of the first and the last, who died and came to life.
9 “‘I know your tribulation and your poverty (but you are rich) and the slander of those who say that they are Jews and are not, but are a synagogue of Satan.
10 Do not fear what you are about to suffer. Behold, the devil is about to throw some of you into prison, that you may be tested, and for ten days you will have tribulation. Be faithful unto death, and I will give you the crown of life.
11 He who has an ear, let him hear what the Spirit says to the churches. The one who conquers will not be hurt by the second death.’

Read more...(to top)