An Briathar do Dé Luain, 6 Bealtaine, 2024
Scriobh Pól le Filéamón:
Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i m’urnaithe.
Filéamón 4
Scríobh Pól:
Nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m’urnaithe. Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.
Eifisigh 1:16-17
3 Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. |
4 Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i m’urnaithe. |
5 Mar tá iomrá á chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile. |
15 Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir, |
16 nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m’urnaithe. |
17 Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. |
18 Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa |