Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

>> An Briathar do Dé Céadaoin, 11 Meitheamh, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.

1 Samúéil 16:7

Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.”

Marcas 10:21

1 Samúéil 16 (An Bíobla Naofa 1981)

4 Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”
5 Agus dúirt seisean: “Is ea, mar chara. Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna. Déanaigí sibh féin a choisreacan agus tagaigí liom chun na híobartha.” Choisric sé Ieise agus a chlann mhac agus thug cuireadh chun na híobartha dóibh.
6 Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: “Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.”
7 Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”
8 Ansin ghlaoigh Ieise chuige ar Aibíonádáb agus thug os comhair Shamúéil é, agus dúirt seisean: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.”
9 Ansin thug Ieise Seamá os comhair Shamúéil, ach dúirt Samúéil: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.”
10 Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: “Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.”

Read more...(to top)

Marcas 10 (An Bíobla Naofa 1981)

18 Dúirt Íosa leis: “Cad chuige a ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin.
19 Is eol duit na haitheanta. ‘Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Ná déan calaois. Tabhair onóir do d’athair agus do do mháthair.’”
20 Dúirt seisean leis: “A Mháistir, choimeád mé iad sin uile ó m’óige.”
21 Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.”
22 Chuir an chaint sin buaireamh air agus d’imigh sé leis go dubhach mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.
23 Bhreathnaigh Íosa ina thimpeall agus dúirt sé lena dheisceabail: “Cad é chomh deacair is a bheidh sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!”
24 Chuir a bhriathra alltacht ar a dheisceabail, ach d’fhreagair Íosa agus dúirt leo arís: “A chlann liom, cad é chomh deacair is atá sé dóibh siúd a chuireann a muinín i saibhreas dul isteach i ríocht Dé!

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Man looks on the outward appearance, but the Lord looks on the heart.

1 Samuel 16:7

Jesus, looking at the man, loved him, and said to him, You lack one thing: go, sell all that you have and give to the poor, and you will have treasure in heaven; and come, follow me.

Mark 10:21

1 Samúéil 16 (English Standard Version)

4 Samuel did what the Lord commanded and came to Bethlehem. The elders of the city came to meet him trembling and said, “Do you come peaceably?”
5 And he said, “Peaceably; I have come to sacrifice to the Lord. Consecrate yourselves, and come with me to the sacrifice.” And he consecrated Jesse and his sons and invited them to the sacrifice.
6 When they came, he looked on Eliab and thought, “Surely the Lord's anointed is before him.”
7 But the Lord said to Samuel, “Do not look on his appearance or on the height of his stature, because I have rejected him. For the Lord sees not as man sees: man looks on the outward appearance, but the Lord looks on the heart.”
8 Then Jesse called Abinadab and made him pass before Samuel. And he said, “Neither has the Lord chosen this one.”
9 Then Jesse made Shammah pass by. And he said, “Neither has the Lord chosen this one.”
10 And Jesse made seven of his sons pass before Samuel. And Samuel said to Jesse, “The Lord has not chosen these.”

Read more...(to top)

Marcas 10 (English Standard Version)

18 And Jesus said to him,
“Why do you call me good? No one is good except God alone.
19 You know the commandments: ‘Do not murder, Do not commit adultery, Do not steal, Do not bear false witness, Do not defraud, Honor your father and mother.’”
20 And he said to him, “Teacher, all these I have kept from my youth.”
21 And Jesus, looking at him, loved him, and said to him,
“You lack one thing: go, sell all that you have and give to the poor, and you will have treasure in heaven; and come, follow me.”
22 Disheartened by the saying, he went away sorrowful, for he had great possessions.
23 And Jesus looked around and said to his disciples,
“How difficult it will be for those who have wealth to enter the kingdom of God!”
24 And the disciples were amazed at his words. But Jesus said to them again,
“Children, how difficult it is to enter the kingdom of God!

Read more...(to top)