An Briathar do Dé Céadaoin, 15 Bealtaine, 2024
Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe; chun go gcónódh a ghlóir inár dtír. Casadh ar a chéile an buanghrá is an dílseacht; phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile.
Salm 85:10-11
Dúirt Íosa: Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.
Eoin 14:6
9
Éistfidh mé leis an Tiarna Dia óir labhróidh sé ar son na síochána – síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin; agus don dream a d’iompaigh chuige ó chroí. |
10
Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe; chun go gcónódh a ghlóir inár dtír. |
11
Casadh ar a chéile an buanghrá is an dílseacht; phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile. |
12
Eascróidh an dílseacht as an talamh; agus breathnóidh an fhíréantacht ó neamh. |
5 Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?” |
6
Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa. |
7
Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, d’aithneodh sibh m’Athair chomh maith. Tá aithne agaibh air feasta, agus tá radharc faighte agaibh air.” |