An Briathar do Déardaoin, 10 Iúil, 2025

Más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.

Rómhánaigh 8:17

An mhuintir a fhulaingíonn de réir thoil Dé, déanaidís an ceart agus cuiridís cúram a n-anama ar an gCruthaitheoir dílis.

1 Peadar 4:19